lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Dúcheist Frank Ryan

Stiúr: Desmond Bell
Éire 2012
80 nóiméad
Go dtí an lá inniu féin, is dúcheist atá i saol Frank Ryan, a rugadh i Luimneach sa bhliain 1902 agus a fuair bás in Dresden na Gearmáine in 1944. Bhí sé ina Óglach, ina Phoblachtaí Easaontach, ina bhall den Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Spáinn, ach chríochnaigh sé ag obair do na Naitsithe i mBeirlín le linn an chogaidh.

Cad é mar a tharla sé seo? Sa scannán seo, baintear úsáid as samhlaíocht an scannáin chruthaithigh faisnéise le dul i ngleic le scéal ríthragóideach daonna. Baintear úsáid as íomhánna cartlainne, as beoghníomhaíocht dhrámata, as litreacha Ryan agus as a chuid iriseoireachta chun muid a mhealladh chuig croí an scéil, dílseachtaí scoilte Ryan. Tugann an scannán seo solas do dhúcheist darb ainm Frank Ryan.