lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

Sneachtaí Kilimanjaro

(Les Neiges du Kilimanjaro)

Stiúr: Robert Guédiguian
An Fhrainc 2011
107 nóiméad
Teastas: Club
Insíonn an scannán deas seo atá suite in Marseille, scéal Michel - fear a d'oibrigh ar na dugaí tráth agus a bhí gníomhach sa cheardchumann. Rinne duine a bhíodh ag obair ina theannta tráth gadaíocht ó chlann Michel chun a dheartháireacha a chothú óir níl athair ná máthair acu. Ní mór do Michel iarracht a dhéanamh a thuairimí chumannacha a réiteach le sláine fhisiciúil agus airgid a theaghlaigh féin.