lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

Cá bhfuil ár dtriall anois?

(Et maintenant on va où?)

Stiúr: Nadine Labaki
An Liobáin 2010
110 nóiméad
Teastas: Club
Pléann an scannán seo cúrsaí deighilte idir na Críostaithe agus na Moslamaigh sa Liobáin i ndiaidh an chogaidh. Agus saol an bhaile bhig faoi bhagairt éiríonn leis na mná aird na bhfear a bhaint den chaismirt trí bhrioscaí haisise a thabhairt dóibh ag cóisir agus cuireadh a thabhairt do ghearrchaillí rince casino seó a chur ar siúl dóibh. Bhuaigh an scannán seo go leor gradam ag féilte scannán éagsúla.