lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Maithiúnas na Fola

(Falja e Gjakut)

Stiúr: Joshua Marston
An Albáin 2010
108 nóiméad
Teastas: Club
Tá an scannán seo suite i dtuaisceart na hAlbáine sa lá atá inniu ann, áit a mbíonn daoine muinteartha in adharca a chéile fós de bharr sean-aighnis. Insíonn an scannán seo scéal dearthár agus deirfiúr atá sna déaga atá gafa sa trioblóid seo mar thoradh ar achrann idir a n-athair agus teaghlach eile faoi ghiota talún. Is annamh a fheictear an saol seo ar an scáileán agus is léiriú grinn agus teannsach é Maithiúnas na Fola ar áit a bhfuiltear ag iarraidh maireachtáil faoi thionchar sean-nósanna. Is scéal é freisin faoi dhaoine óga a bheith ag teacht in inmhe. Bhuaigh an scannán gradam an Bhéir Airgid don Script Scáileáin is fearr ag Féile Scannán Bheirlín.