(Bal)
Maidin amháin, insíonn Yusuf dá athair faoi bhrionglóid a bhí aige an oíche roimhe sin. Casann Yakup air agus deir sé leis go borb gan a bhrionglóidí a insint do dhuine ar bith. Ní fada nach mbíonn tásc ná tuairisc ar an athair ná ar na beacha.
Téann Yusuf agus a mháthair ar thóir an athar ar dtús agus ansin beartaíonn Yusuf ar an tóraíocht a dhéanamh leis féin. Níl a fhios aige ó thalamh an domhain cad atá roimhe. An mbeidh craiceann na fírinne ar an mbrionglóid sin?
Féile Scannán na Beirlíne 2010
Buaiteoir – Gradam an Bhéir Órga - Féile Scannán na Beirlíne 2010