lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Craiceann ina mairim

(La Piel Que Habito)

Stiúr: Pedro Almodovar
An Spáinn 2011
117 nóiméad
Teastas: 16
Scannán scéinséir uafáis a léirigh Pedro Almodóvar is ea an scannán seo a insíonn scéal duine atá tugtha go hiomlán do rud faoi leith.

Glacann Antonio Banderas páirt máinlia ó Mhaidrid atá gustalach agus cultúrtha agus a bhfuil meas ag gach duine air. Sa teach ollmhór atá aige tá obrádlann ina ndéanann sé tástálacha ar Vera, bean álainn atá ina cime aige, nach bhfuil uirthi ach sreabhann teann de dhath craicinn agus a bhfuil a craiceann féin chomh mín le síoda gan smál, gan locht. Tá an chuma ar an scéal go ngéilleann sí dá géibheann go fonnmhar, ach i ndeireadh na dála téann sí as a meabhair agus éiríonn sí foréigeanach dá bharr.