lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

Fitzcarraldo

Stiúr: Werner Herzog
An Ghearmáin 1982
158 nóiméad
Teastas: PG
Seo scéal Brian Sweeney Fitzgerald, fiontraí atá meáite ar Enrico Caruso agus áras ceoldrámaíochta a thabhairt chuig an gcuid sin is iarghúlta d'fhoraois na hAmasóine. Ní dhearna an fear déanta scannán ón nGearmáin, Werner Herzog, leathiarracht riamh agus is é an scéal céanna ag an bpríomhaisteoir, klaus Kinski, é. Eatarthu éiríonn leo cuid de na radharcanna is cáiliúla a chur ar fáil dúinn gan aon éifeachtaí speisialta, gan aon chleasanna.