lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Nader agus Simin - Scarúint

(Jodaeiye Nader az Simin)

Stiúr: Asghar Farhadi
An Iaráin 2010
123 nóiméad
Teastas: Club
Díreach agus muid den tuairim nárbh indéanta do lucht déanta scannán na hIaráine iad féin a chur i láthair i gceart de bharr na cinsireachta, seo chugainn scannán Asghar Farhadi Nader agus Simin - Scarúint a chasann an tuairim sin ar a cheann. Scannán simplí atá ann ó thaobh na reacaireachta de, ach scannán casta atá ann ó thaobh na moráltachta, na síceolaíochta agus na sochaí de agus éiríonn leis béim a leagan ar shochaí na hIaráine ar bhealach nach ndearna aon scannán eile roimhe seo.

Buaiteoir - Gradam an Bhéir Órga - Féile Scannán na Beirlíne 2011