Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.
Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.
Insíonn an scannán seo scéalta rúnda na nglún. Scannán mothúchánach, gan a bheith maoithneach, is ea Sarah ab ainm di a léirigh Gilles Paquet-Brenner, scannán a insíonn scéal iriseora i bPáras atá ag fiosrú scéal an Uileloiscthe a bhfuil baint aige lena teaghlach féin.
Chuirtear dlús faoin scannán le heachtaí, le carachtair, le bréaga agus le rúin go dtí nach féidir súil a bhaint de. Uaireanta is féidir le scannán a bheith chomh maith le húrscéal nó níos fearr, b'fhéidir, agus is scannán den chineál seo é Sarah ab ainm di.