(Potiche)
Sa bhliain 1977, i mbaile beag Sainte-Guenole, tá gnáthshaol na mná tí á chaitheamh ag Suzanne Pujol (Catherine Deneuve) agus í ag tindeáil go ceanúil ar a fear céile smuilceach, Robert (Fabrice Luchini), fear a chaitheann a chuid ama ag ligean gnó theaghlach Suzanne ó mhaith. Dar lena fear céile agus lena leanaí fásta níl i Madame Pujol ach áilleagán mná nach bhfuil cumhacht dá laghad aici; i bhfocail eile une potiche.
Is scannán aoibhinn, cumhachtaithe agus gleoite é Potiche atá lán den je ne sais quoi.
Cameron Bailey, Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto 2010