lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Cillín 211

(Celda 211)

Stiúr: Daniel Monzon
An Spáinn 2009
112 nóiméad
Teastas: Club
Scannán eachtraíochta is ea Cillín 211 faoi na hiarrachtaí a dhéanann fear a bheatha a shábháil lena ghéarchúis. Ní mhínítear aon ní dúinn. Leagtar amach na heachtraí a bhain dó, an rud a dhéanann sé agus an toradh a bhíonn air. Is mó sásaimh a bhainfeadh duine as an saghas seo scannáin ná mar a bhainfí as an ngnáthscannán eachtraíochta.

Ghnóthaigh an scannán seo ocht nGradam Goya, is iad sin gradaim Oscar na Spáinne. Agus iad tuillte go maith aige. Chomh maith leis an eachtraíocht, is scannán é faoi fhear atá ag iarraidh luachanna a shaoil a athrú. Caitheann an scannán súil ghéar ar chóras cruálach an cheartais phionósaigh. Ní théitear i muinín na seanmóireachta ná ní dhéantar iarracht aon ní a mhúineadh dúinn ag an deireadh, ach cuireann sé ag machnamh sinn.