lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Mother Ireland

Stiúr: Derry Film Collective
Éire 1988
54 nóiméad
 

 

Beidh an léiritheoir Margo Harkin linn.

Athmheasúnú feimineach, náisiúnach ar an gcaoi a léirítear Éire agus an tÉireannachas atá sa scannán radacach seo de chuid an Derry Film & Video Collective. Tá Nell McCafferty, Margaret MacCurtain (Sister Benventura), Bernadette McAliskey (Devlin), Mairead Farrell agus an scannánóir Pat Murphy i measc na mban a ghlac páirt sa léiriú seo. Ní raibh an scannán i bhfad déanta nuair a dhúnmharaigh an SAS Mairead Farrell i nGiobráltar agus beartaíodh gan é a thaispeáint ar Channel 4 (UK). Faoi dheireadh, craoladh trí bliana ina dhiaidh sin é i 1991.


Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide

Stiúr: Colm Bairead
Éire 2015
53 nóiméad
 

 

Mary Clancy chun labhairt faoi théama an scannáin seo.

Clár faisnéise ar Chumann na mBan agus ar an méid a rinne an cumann ar mhaithe le saoirse na tíre. Bhí na mílte bean páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach idir 1914 agus 1923 ach is beag trácht atá orthu féin ná ar an méid a rinne siad chun leas na tíre ó bunaíodh an Stát. Máire Mhic Giolla Íosa reacaire an chláir.