lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Rocky Road To Dublin kids
Stiúr: Peter Lennon
Éire / An Fhrainc 1968
70 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Seán Crosson chun an scannán seo a chur inár láthair.
@seancrosson

Scannán faisnéise é Rocky Road to Dublin a rinne an t-iriseoir de bhunadh na hÉireann, Peter Lennon, i gcomhar leis an cineamatagrafaí, Raoul Coutard (a chaith blianta ag obair le Jean-Luc Godard). Staid chomhaimseartha na hÉireann sa mbliain 1968 is téama don scannán a scrúdaíonn sochaí na hÉireann leathchéad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Áitítear sa saothar seo go bhfuil an tír plúchta ag polasaithe cultúrtha coimeádacha, ag an traidisiúnachas Gaelach agus ag an gcléir. Cé gur roghnaíodh an scannán seo d’Fhéile Scannán Cannes 1968 agus gur taispeánadh é ar fud na hEorpa agus i Meiriceá, tugadh droim láimhe dó in Éirinn. Seachas an uair a bhí sé le feiceáil i dTéatar Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath níor léiríodh an saothar seo ar scáileáin na hÉireann go dtí na 2000í. Rinne an scannán seo magadh den cheapadh a bhí ag daoine gur thír liobrálach a bhí in Éirinn.

Rocky Road To Dublin bloke
Rocky Road To Dublin two blokes