lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

An Tine Bheo

An Tine Beo Patrick Pearse thumb
Stiúr: Louis Marcus
Éire 1966
45 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tabharfaidh Ciarán Lenoach léargas dúinn ar théamaí na scannán seo.

Rinne Louis Marcus an scannán comórtha seo, a bhfuil scór ceoil ann a chum Seán Ó Riada, ar iarratas ó Choiste Iubhaile 1916. Eisíodh é i 1966 agus bhí sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann.

 

An Tine Beo Irish Citizen Army outside Liberty Hall thumb

Concerning Violence

Concerning Violence 7 frelimo
Stiúr: Göran Hugo Olsson
An Danmhairg / An tSualainn 2014
78 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Léargas úr agus láidir ar scéal na saoirse san Afraic atá sa scannán Concerning Violence. Tá ábhar cartlainne nua-aimsithe sa saothar seo a thugann tuiscint dúinn ar streachailt na ndaoine in aghaidh an choilíneachais sna 60í agus 70í. Tá ábhar faisnéise ann a léiríonn cuid de na heachtraí ba shuntasaí a tharla le linn na gcoimhlintí sa tríú domhan. Scrúdaíonn sé freisin na teoiricí faoin gcoilíneachas atá i leabhar cáiliúil Frantz Fanon, The Wretched of the Earth. Cé gur scríobhadh os cionn 50 bliain ó shin é, tá an léargas atá sa leabhar seo ar an nuachoilíneachas agus ar an bhforéigean a bhaineann leis chomh hábhartha céanna sna saolta seo is a bhí sé leathchéad bliain ó shin.

Concerning Violence 1 decolonization
Concerning Violence 8 poverty of spirit
Concerning Violence 9 defeat