lean muid
 Whist A Thary: Traveller and Roma Film Festival 2023, banner
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
Séásúr an Earraigh 2023 / Spring Season 2023
Whist A Thary: Féile Scannán Taistealaithe agus Roma
 
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 
Séasúr an Earraigh 2023 Ceannaigh Ticéid
 

(Al midan)

The Square thumb
Stiúr: Jehane Noujaim
An Éigipt 2013
95 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Beidh Treasa Ní Cheannabháin ag cur an scannáin seo i láthair na féile.
@ni_treasa

Tugann an scannán faisnéise seo an lucht féachana go ceartlár na réabhlóide a tharla ar Tahir Square na hÉigipte mar a raibh sé ina chíor thuathail ar feadh tréimhse. Léirítear gnéithe éagsúla den éirí amach: an réabadh agus an clampar; dílseacht agus paisean na ndaoine; míreanna YouTube, comhghuaillíochtaí a athraíonn ar iompú do bhoise gan trácht ar arm a bhíonn lá leis na daoine agus lá eile ina gcoinne. Tá radhairc iontacha anuas ar an aicsean a thaispeánann na sluaite ag plódú na cathrach. Tá teachtaireacht ann: ní bheathaíonn na briathra na bráithre; tá gá le hagóidíocht fhisiciúil chun torthaí a bhaint amach. Beidh an lucht féachana i ngreim ag an scéal seo, scéal nach bhfuil deireadh fós leis.

The Square thumb