lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Children of the Revolution Fusako Shigenobu in the Middle East thumb
Stiúr: Shane O’Sullivan
Éire / An Ríocht Aontaithe / An Ghearmáin 2010
92 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Clár faisnéise é Children of the Revolution a rinne an scannánóir Éireannach, Shane O’Sullivan. Beirt bhan iomráiteacha is ábhar don saothar seo: Ulrike Meinhof a bhí ina ceannaire ar bhrainse d’Arm Dearg na Gearmáine agus Fusako Shigenobu a bhí ina ceann feadhna ar Arm Dearg na Seapáine. Réabhlóid na mac léinn sa bhFrainc agus an sléacht i Vítneam a ghríosaigh na mná seo chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an gcaipitleachas trí réabhlóid dhomhanda a spreagadh. Rinne siad a mbealach chuig an Meánoirthear, áit ar chuir na Palaistínigh faoi oiliúint mhíleata iad. Is iad agus Leila Khaled na mná is mó atá luaite le réabhlóideachas na ré sin agus tharraing a ngníomhartha clú agus cáil orthu. Údair agus iriseoirí iad iníonacha na mban seo, Bettina Röhl and Mei Shigenobu, agus sa scannán seo tugann siad léargas faoi leith dúinn ar shaol agus ar oidhreacht na gceannairceach cáiliúil seo.

Children of the Revolution Fusako Shigenobu with baby May thumb
Children of the Revolution Meinhof wanted poster thumb