lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Stiúr: Lelia Doolan
Éire 2011
87 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Beidh an Stiúrthóir/Léiritheoir Lelia Doolan i láthair an taispeántais seo.

Déanann scannán Lelia Doolan, ar ar bronnadh an Duais don Ghnéchlár Faisnéise is Fearr ag an Galway Film Fleadh 2011, cur síos ar an saol corrach polaitiúil a bhí ag an óráidí agus gníomhaí ar son Tuaisceart Éireann, Bernadette Devlin McAliskey. Anuas air sin, tugann an scannán léargas ar an gcomhthéacs casta agus luaineach a bhí ann, go pearsanta agus go polaitiúil, nuair a tháinig sí i gcumhacht.

Agallamh le Lelia Doolan

www.bfi.org.uk/live/video/780