lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

OCTOBER Still03 thumb
Stiúr: Sergei Eisenstein & Grigori Aleksandrov
An Rúis 1928
142 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Cuirfidh Joe Higgins an scannán seo i láthair na féile.

Comóradh deich mbliana, i bhfoirm drámata, ar a tharla i Réabhlóid Dheireadh Fómhair 1917 atá sa scannán October. Cliseadh mhonarcacht na Rúise is tús don scannán. Déantar cur síos ar an gcoimhlint ag Petrograd agus í ag dul i méid agus léirítear an laoch Sóivéadach V.I. Lenin ag stiúradh na réabhlóide a rinne treascairt ar Phálás geimhridh an tsáir. Tá cáil ar an scannán seo, ní hamháin a bhuí leis an mbunús stairiúil atá leis ach mar gheall ar na híomhánna montáise a d’úsáid an stiúrthóir Sergei Eisenstein ann.

OCTOBER Still01 thumb
OCTOBER Still02 thumb