lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Epizoda u životu beraca željeza)

An Episode in The Life of an Iron Picker thumb
Stiúr: Danis Tanovic
An Bhoisnia 2013
75 nóiméad
Teastas: CLUB
 

Is ag sracadh leis an saol atá Nazif agus é ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach ag díol mangarae agus dramh-mhiotal. Tá beirt iníonacha aige féin agus a bhean Senada ach cailltear an tríú páiste sa mbroinn agus fágtar Senada go dona tinn. Tá costas mór ar an gcóir leighis agus níl Nazif in acmhainn íoc as a leithéid. Níl sé éasca a bheith ag breathnú ar an scannán dorcha seo ach is scéal daonna é a chíorann drochmheas na n-údarás ar an ísealaicme. D’éirigh le Tanovic an chlann ar tharla an eachtra seo dóibh a fháil chun a bpáirteanna féin a dhéanamh. Bronnadh an gradam Silver Bear air ag Féile Scannán Bheirlín in 2013.

An Episode in The Life of an Iron Picker thumb