lean muid

Tá Coiste Chlub Scannán Sailearna ag pleanáil séasúr an fhómhair 2020

Sa chomhthéacs dúshlánach agus neamhcinnte ina bhfuilimid go léir beidh athruithe i ndán dúinn ach, leis an bpleanáil cuí, táimid dóchasach go n-éireoidh le séasúr úr scannán sa tSeanscoil.

Agus muid i mbun pleanála ba mhaith linn cloisteáil óna baill reatha agus na hiar-bhaill a bhí inár dteannta sa tSeanscoil le cuid mhaith blianta anuas le gur féidir linn bhúr smaointe a chur san áireamh.

Más maith leat cabhrú linn líon an suirbhé gearr seo ina mbeidh deis agat do smaointe a chur in iúl.

https://www.surveymonkey.com/r/XNXLLCQ

Marshland thumb
 

 

(Vi är bäst!)

We Are The Best! thumb
Stiúr: Lukas Moodysson
An tSualainn 2013
101 nóiméad
Teastas: 15
 

 

Scéal thriúr cailíní óga atá sa scannán seo atá lonnaithe i Stócólm na 1980í. Socraíonn siad banna ceoil punc a bhunú cé nach bhfuil beirt acu in ann ceol a chasadh agus in ainneoin go bhfuil ré an phunc-cheoil féin thart. Is ceiliúradh an scannán seo, atá bunaithe ar úrscéal grafach, ar neamhspleáchas na hóige agus orthu siúd a chuireann cosa i taca.

We Are The Best! thumb