lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(La Jaula de Oro)

The Golden Dream thumb
Stiúr: Diego Quemada-Diez
Meicsiceo / An Spáinn 2013
102 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Bíonn tarraingt aisteach ag bochtáin Mheiriceá Laidinigh ar na Stáit Aontaithe. Is ó bhailéad Meicsiceach a thagann teideal an tsaothair seo. Meafar é an cás órga don saol a bhíonn roimh na hinimircigh neamhdhleathacha a bhaineann an tír tairngire amach. Cruatan agus sclábhaíocht a bhíonn i ndán dóibh de bharr nach mbíonn na páipéir acu a chuirfeadh ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Dráma tarraingteach, fileata é seo a léiríonn an turas casta, contúirteach a dhéanann triúr ógánach nuair a thugann siad an bóthar ó thuaidh orthu féin. Roghnaíodh aisteoirí neamhoilte do na príomhpháirteanna agus tá siad ar fheabhas.

The Golden Dream thumb
The Golden Dream thumb