lean muid

Tá Coiste Chlub Scannán Sailearna ag pleanáil séasúr an fhómhair 2020

Sa chomhthéacs dúshlánach agus neamhcinnte ina bhfuilimid go léir beidh athruithe i ndán dúinn ach, leis an bpleanáil cuí, táimid dóchasach go n-éireoidh le séasúr úr scannán sa tSeanscoil.

Agus muid i mbun pleanála ba mhaith linn cloisteáil óna baill reatha agus na hiar-bhaill a bhí inár dteannta sa tSeanscoil le cuid mhaith blianta anuas le gur féidir linn bhúr smaointe a chur san áireamh.

Más maith leat cabhrú linn líon an suirbhé gearr seo ina mbeidh deis agat do smaointe a chur in iúl.

https://www.surveymonkey.com/r/XNXLLCQ

Marshland thumb
 

 

(L'écume des jours)

Mood Indigo thumb
Stiúr: Michel Gondry
An Fhrainc 2013
94 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Bhunaigh an stiúrthóir, Michel Gondry Mood Indigo ar an leabhar thar an ngnáth, Froth on the Daydream le Boris Vian. Tá an saol ar a thoil ag Colin, é saibhir agus dathúil, ach níl aon pháirtí aige. Tá seacht gcroí aige nuair a chasann Chloe (Audrey Tautou) air ach, san áit a mbíonn grá, bíonn gruaim dá réir. Léiriú faoi leith a bhíonn ag Gondry ar chúrsaí grá agus mar is dual dó, níl mórán teicnící nuatheicneolaíochta in úsáid aige sa scannán seo. Is iontach go deo mar a chuireann sé stíl scríbhneoireachta Vian agus na tréithe a bhaineann léi in oiriúint don scáileán mór.

Mood Indigo thumb