lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

An Bronntanas thumb
Stiúr: Tom Collins
Éire 2014
112 nóiméad
Teastas: CLUB
 

 

Scannán scéinséara comhaimseartha é An Bronntanas a chuireann síos ar eachtra a tharlaíonn do chriú bhád tarrthála i gConamara. Téann an bád chun farraige le linn stoirme tar éis don chriú glaoch éigeandála a fháil. Tagann siad ar bhád iascaigh tréigthe ar a bhfuil corp mná agus lastas mór drugaí. Tá siad idir dhá cheann na meá – an dtabharfaidh siad an corp i dtír agus an gcuirfidh siad na húdaráis ar an eolas faoi na drugaí? Déanann siad cinneadh a tharraingíonn trioblóid agus tragóid orthu féin.

http://www.rosg.ie/ie/productions/An_Bronntanas_16

An Bronntanas thumb
An Bronntanas thumb