lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

Stoirm

(Storm)

Stiúr: Hans-Christian Schmidt
An Ghearmáin 2009
103 nóiméad
Teastas: Club
Scannán scéinséara den scoth é Stoirm a dhéanann scrúdú morálta agus polaitiúil san am céanna leis an gcás cúirte ar a bhfuil an scéal seo bunaithe.

Is é bun agus barr an scrúdaithe ná uafáis chogadh Bhoisnia. Déanann scannán Hans-Christian Schmid comparáid idir a bhfuil fulaingthe ag daoine san am atá caite agus a bhfuil i ndán dóibh san am atá le teacht trí úsáid a bhaint as na himeachtaí dlí atá ar siúl sa chúirt.

Tá Schmidt meáite ar thaobh daonna an chogaidh a léiriú, in ainneoin go bhfuil a fhios aige gur mó i bhfad an cheist pholaitiúil atá taobh thiar de.

Andrew Schenker, Slant Magazine

Buaiteoir - Amnesty International Film Prize, Féile Scannán Bheirlín 2009