B'é Colm Bairéad ó Charna a scríobh an script don scannán. I measc na n-aisteoirí bhí Cyril Cusack, Niall Tóibín, Dónal Mc Cann, Mick Lally, Macdara Ó Fátharta, Tom Sailí Ó Flaithearta, Mairéad Uí Chuaig agus Johnny Chóil Mhaidhc.
Baineann an scéal le beirt rógaire (Dónal Mc Cann agus Niall Toibín), atá ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an sean Stiléara (Cyril Cusack). Tá idir greann agus gruaim sa scannán.
Tá an taispeántas seo eagraithe ag Club Scannán Sailearna, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le caoinchead Bob Quinn agus Cinegael. Tá an Seanscoil curtha ar fáil ag Comharchumann Shailearna.