Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.
Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.
I 1980, i dtréimhse Brezhnev na Rúise, chaill Andrei Filipov an post a bhí aige ag stiúradh Cheolfhoireann Bolshoi mar gur dhiúltaigh sé bata is bóthar a thabhairt do na ceoltóirí sin ar Ghiúdaigh iad. 25 bliana dá éis sin, tá sé ag obair mar ghlantóir i gceoláras Bolshoi. Sa phost sin dó tagann sé ar theachtaireacht facs a iarrann ar Cheolfhoireann Bolshoi seinm ag an Theatre du Chatelet i bPáras. Tapaíonn Andrei an deis dul i mbun ceoil arís agus tugann sé le chéile roinnt dá chairde, ar cheoltóirí iad, agus glacann sé leis an gcuireadh dul go Páras in ainm na Ceolfhoirne, mar dhea.
Cé go bhfuil an teannas idir an tIarthar agus an tOirthear le sonrú go follasach sa scannán tríd is tríd, caitheann an stiúrthóir Radu Mihaileanu (a bhain cáil amach dó féin le Live and Become) leo le greann agus le háibhéil. Is é bua an scannáin seo ná go bhfuil sé in ann dul i ngleic leis an teannas sin le greann ach gan dul thar fóir leis.