lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Liobáin

(Levanone)

Stiúr: Samuel Moaz
An Ghearmáin / Iosrael / An Fhrainc / An Liobáin 2009
93 nóiméad
Teastas: 15A
Sa scannán seo a stiúraigh Samuel Maoz instear scéal corraitheach saighdiúirí óga Iosraelacha, a raibh orthu dul i mbun cogaidh leis an Liobáin sna 1980idí, trí shúile criú tanc cogaidh.

I gcomparáid leis an mbeochan chuimhneacháin Waltz With Bashir le Ari Folman, scannán eile dírbheathaisnéise a insíonn scéal an chogaidh chéanna, baineann Levanone úsáid as cur chuige iomlán eile le cur síos a dhéanamh ar uafás na cogaíochta seachas ar an gcúlra polaitíochta a bhaineann leis. Uaireanta, mheasfadh duine agus é ag féachaint ar na radharcanna de dhaoine agus den chomhrá a bhíonn ar bun eatarthu gur radharcanna iad a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda.

Titeann an scéal ar fad amach laistigh de thanc armúrtha cógaidh; ní fheictear den saol lasmuigh ach radharcanna trí aimsitheoir an ghunna. Is é an toradh atá air ná cur síos gan stad gan staonadh ar an uafás. Fanfaidh an scannán seo i gcuimhne lucht a fheicthe go deo.

Deborah Young, Hollywood Reporter

Buaiteoir - Golden Lion Best Film, Féile Scannán na Veinéise 2009