lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Píopa

 

Stiúr: Risteard Ó Domhnaill
Éire 2009
82 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Cad a dhéanann daoine nuair nach féidir leo iad féin a chosaint de réir an dlí? Sin an cheist atá i gcroílár an scannáin seo, scannán faisnéise a rinne Risteard Ó Domhnaill faoi Shell vs. Ros Dumhach, Éire, trínar bheartaigh an comhlacht íle ar phíblíne gháis a thabhairt in ainneoin thoil an phobail. Níl an oiread sin ceana ag na hÉireannaigh ar na Briotanaigh pé scéal é, ach chuimhneodh lucht déanta an scannáin ar BP, a gcuirfidh an tubaiste a bhain dóibh i Meiriceá an lasóg sa bharrach maidir leis na cúrsaí seo.

Tá an scannán curtha le chéile go haoibhinn (déanann Ó Domhnaill scannánú ar chaismirtí idir mhuintir Ros Dumhach agus an Garda Síochána sa tslí is go mbraithfeadh duine go bhfuil sé ann i lár an fhothragtha). Ach baineann gné pholaitiúil leis: ní hé an baile amháin atá i mbaol, ach an daonlathas féin, go háirithe agus an rialtas ag tarraingt siar ón scéal agus an Garda Síochána ag cosaint an chomhlachta. Baileoidh lucht Shell leo, dar leis an scannán, ach glacfaidh sé blianta fada ar mhuintir an bhaile bhig seo – áit a bhfuil comharsana in adharca a chéile faoin scéal seo – an rud ar fad a chur díobh, más féidir a leithéid a dhéanamh ar chor ar bith.

John Anderson, Variety

www.thepipethefilm.com
www.facebook.com/pages/The-Pipe-The-Film/270493470810?ref=ts&v=wall
www.variety.com/review/VE1117943512.html?categoryid=2863&cs=1&query=The+Pipe+the+film
www.cbc.ca/video/#/News/Featured_Videos/ID=1590885523
www.thepipethefilm.com/main-sect/the-pipe-reviewed-by-screen-daily/