lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Of Gods and Men

Beidh an scannán Of Gods and Men á thaispeáint anois ar an Aoine 11 Samhain ag 8.00i.n. in ionad an 19 Deireadh Fómhair mar a bhí fógraithe cheana.

Stiúr: Xavier Beauvois
An Fhrainc 2009
120 nóiméad
Teastas: 15A
Ní bhaineann fir an oiread sásaimh as an olc a dhéanamh nó go mbíonn an reiligiún mar bhonn leis.

Sin atá le rá ag Luc, seanmhanach Caitliceach (Michael Lonsdale) atá 79 bliain d’aois, agus é ag aithris ceann de pensée Pascal. Deir sé é in am an ghátair agus na héiginnteachta: an don mujahideen Ioslamach atá ag bagairt an bháis air nó dá dheartháireacha atá a thagairt? Nó an bhfuil sé ag tagairt do dhaoine a bheidh gafa leis an mairtíreacht amach anseo agus a leanfaidh ar aghaidh leis an bhforéigean?

Sin an t-aon tagairt a dhéantar don dí-eaglaiseachas sa scannán iontach seo a rinne an léiritheoir ón bhFrainc, Xavier Beauvois. Tá an scannán bunaithe ar mhanaigh ar fhuadaigh agus ar mharaigh bunchreidmhigh iad san Ailgéir sa bhliain 1996. Tá an creideamh agus an reiligiún fite fuaite sa scannán seo agus ceann de bhuanna an scannáin is ea an aithris a dhéanann sé ar shaol solúnta dáiríre na manach agus é ag tabhairt tacaíochta dóibh sa riocht ina bhfuil siad.