lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Biutiful

Stiúr: Alejandro González Iñárritu
An Spáinn 2010
147 nóiméad
Teastas: 15A
Bhain Alejandro Gonzalez Iñárritu cáil nach beag amach dó féin sa bhliain 2000 leis an gcéad scannán dá chuid Amores Perros. Ó shin i leith tá an-tóir ar scannáin an léiritheora seo ó Mheicsiceo. Ní féidir a áiteamh gur gnáthscannáin siamsaíochta iad na léiriúcháin a dhéanann sé ar chráiteacháin agus iad ciaptha ag an saol ach is beag duine eile atá in ann a leithéid a dhéanamh chomh beacht leis.

Féach gur bheartaigh móraisteoirí Hollywood Sean Penn, Cate Blanchet agus Brad Pitt páirt a ghlacadh, ar bheagán airgid, sna scannáin 21 Grams agus Babel á léirigh sé. An bhfuil sé le tuiscint ón scannán deiridh sin go bhfuil athrú ag teacht air? An ndeachaigh na móraisteoirí sin go léir i gcionn ar an léiritheoir seo?

Leis an scannán seo Biutiful, an chéad scannán a rinne sé ó stad sé de bheith ag obair leis an scríbhneoir Guillermo Arriaga, filleann sé ar an scannánaíocht Spáinnise. Mar is dual dá chuid scannán tá gné an ilchultúrachais ag baint leis agus aisteoirí ón Spáinn, ón Afraic agus ón tSín ann, ach tá an scannán féin suite in Barcelona agus ina bruachbhailte.

Sa scannán seo déantar iniúchadh ar shaol Uxbal, laoch nach bhfuil aon rath i ndán dó, agus ar na cúlsráideanna ina mbíonn sé i mbun gnó. Baineann an scannán Biutiful leas as an íoróin dhramatúil gan aon trócaire.