lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Phatagóin

(Patagonia)

Stiúr: Marc Evans
An Ríocht Aontaithe 2010
118 nóiméad
Teastas: Club
Tír gan teanga, tír gan anam , a deirtear.

Sa bhliain 1865 thug 163 duine ón mBreatain Bheag aghaidh ar an Airgintín, i bhfad ó mhianaigh ghuail dhorcha a dtíre féin. San áit sin rinne Y Wladfa (an choilíneacht) baile nua sa Phatagóin agus mar a léiríonn an scannán iontach seo de chuid Marc Evans, tá siad tar éis an fód a sheasamh go daingean in imeacht na mblianta fada agus iad scartha amach óna dtír dhúchais.

Leantar scéal Cerys (Marta Lubos), pinsinéir leochaileach teanntásach a bhuaileann bob ar a comharsain óg Alejandro (Nahuel Pérez Biscayart) agus a thugann air dul ar oilithreacht léi ar ais go dtí tír dhúchais a sinsir. Leantar scéal lánúine sna tríochaidí freisin agus iad ag fágáil na Breataine Bige ina ndiaidh acu. Seoladh Rhys (Matthew Gravelle) go dtí an Phatagóin chun grianghraif a ghlacadh de na séipéil ann agus tá sé beartaithe ag a chailín Gwen (Nia Roberts) dul ina theannta chun a scíth a ligean faoin ngrian.

Tá an scannán seo lán den phaisean agus de mhéaldrámatacht – mar aon le greann sa chaidreamh idir Alejandro agus cailín ó Caerdydd (Duffy) – ach is é bun agus barr an scéil an gaol meafarach atá idir bheirt phríomhcharachtar bhaineanna an scannáin.