lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr An Earraigh 2016 - Postaer

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 14 Eanáir leis an scannán The Connection. Gach Déardaoin idir seo agus an Márta beidh 10 scannán ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteangacha éagsúla idir, le fotheidil i mBéarla.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema agus le cúnamh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

  • 14 Eanáir: The Connection (An Fhrainc 2014)
  • 21 Eanáir: The Second Mother (An Bhrasaíl 2014)
  • 28 Eanáir: Theeb (Qatar, Jordan 2014)
  • 04 Feabhra: Quai d’Orsay (An Fhrainc 2013)
  • 11 Feabhra: A Girl at my Door (An Chóiré Theas 2014)
  • 18 Feabhra: 13 Minutes (An Ghearmáin 2015)
  • 25 Feabhra: It’s all so Quiet (An Ísiltír 2013)
  • 03 Márta: Taxi Tehran (Iaráin 2015)
  • 10 Márta: Deargdhúil (Éire 2015)
  • 24 Márta: In the Courtyard (An Fhrainc 2013)

Beidh breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir eolas a fháil faoin gClub Scannán ach glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2016 Postaer ardtaifigh11.7 MB