lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Dans La Cour)

In the Courtyard thumb
Stiúr: Pierre Salvadori
An Fhrainc 2013
98 nóiméad
Teastas: CLUB

 

Embassy of France Logo Institut Francais Logo
Á thaispeáint le tacaíocht ó Ambasáid na Fraince agus an Institut Francais.
 

 

Is scannán barrúil é seo a bhfuil iarracht den osréalachas ann. Meisceoir é Antoine nach raibh mórán ratha ar a sheal mar racamhránaí. Faigheann sé post i bPáras mar fhear faire i mbloc árasán atá ligthe leis agus cuireann sé faoi sna seomraí atá in aice leis an doras tosaigh. Is cosúil gur dream áirid iad na tionóntaí ar fad agus cuireann sé aithne orthu de réir a chéile.

In the Courtyard thumb
In the Courtyard thumb
In the Courtyard thumb