lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Theeb thumb
Stiúr: Naju Abu Nowar
An Iordáin / Catar 2014
100 nóiméad
Teastas: 15
 

 

Is scannán é seo faoin méid a tharla i rith an Chéad Chogadh Domhanda nuair a d’éirigh na hArabaigh amach i gcoinne i gcoinne Impireacht il-eitneach na nOtamanach. Is as a d’eascair náisiúnachas na nArabach agus is ina dhiaidh sin a cruthaíodh stáit achrannacha na nArabach nuair a fuarthas an lámh in uachtar ar an Impireacht. Leaidín óg den chine Beidiúnach príomhcharachtar an scéil seo a léiríonn an meath a tháinig ar bhealaí na ndaoine seo nuair a thosaigh an réabadh.

Ainmniúchán Oscar / Gradaim an Academy Awards ® - Scannán Eachtrannach is Fearr.
Ainmniúchán BAFTA - Scannán is fearr nach bhfuil i mBéarla agus ainmniúchán do Abu Nowar (Stiúrthóir/Scríbhneoir) as an Céad Scannán is fearr déanta ag Breataineach.

Theeb thumb

https://twitter.com/TheebFilm