lean muid

Tá Coiste Chlub Scannán Sailearna ag pleanáil séasúr an fhómhair 2020

Sa chomhthéacs dúshlánach agus neamhcinnte ina bhfuilimid go léir beidh athruithe i ndán dúinn ach, leis an bpleanáil cuí, táimid dóchasach go n-éireoidh le séasúr úr scannán sa tSeanscoil.

Agus muid i mbun pleanála ba mhaith linn cloisteáil óna baill reatha agus na hiar-bhaill a bhí inár dteannta sa tSeanscoil le cuid mhaith blianta anuas le gur féidir linn bhúr smaointe a chur san áireamh.

Más maith leat cabhrú linn líon an suirbhé gearr seo ina mbeidh deis agat do smaointe a chur in iúl.

https://www.surveymonkey.com/r/XNXLLCQ

Marshland thumb
 

 

(La French)

Stiúr: Cédric Jimenez
An Fhrainc 2014
135 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Cuirtear Pierre, giúistís óg fuinniúil, go cathair Marseille chun stop a chur leis an gcoireacht eagraithe sa gcathair. Is í an chloch is mó atá ar a phaidrín ná deireadh a chur le trádáil na ndrugaí. Sé bliana a chaitheann sé sa tóir ar an gceann feadhna drugaí ach éiríonn leis é a ghabháil faoi dheireadh. Is bunaithe ar fhíorscéal atá an scannán nuálach agus cruthaitheach seo.

The Connection thumb