lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Fhómhair 2016

Séasúr an Fhómhair 2016 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Seasur An Fhomhair 2016 Postaer ardtaifigh thumb

Cuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ar an Déardaoin, an 29 Meán Fómhair le Victoria, scannán iontach ón nGearmáin. Gach Déardaoin idir seo agus an Nollaig beidh 10 scannán ar fad againn, ó thíortha éagsúla agus i dteangacha éagsúla idir, le fotheidil i mBéarla.

Tá an séasúr scannán eagraithe ag Club Scannán Sailearna i gcomhar le Access Cinema agus le cúnamh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir le daoine ballraíocht sa chlub scannán a thógáil amach don séasúr ar € 30 (€ 25), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir € 8 (€ 7) in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche, más fearr leat.

Anseo thíos tá liosta na scannán a thaispeánfar le linn an tséasúir nua:

  • 29 Meán Fómhair: Victoria (An Ghearmáin 2015)
  • 06 Deireadh Fómhair: Son of Saul (An Ungáir 2015)
  • 13 Deireadh Fómhair: Atlantic (Éire 2015)
  • 20 Deireadh Fómhair: Summertime (An Fhrainc 2015)
  • 27 Deireadh Fómhair: Fire at Sea (An Iodáil 2016)
  • 03 Samhain: Dheepan (An Fhrainc 2015)
  • 10 Samhain: Men & Chicken (An Danmhairg / An Ghearmáin 2015)
  • 17 Samhain: Labyrinth of Lies (An Ghearmáin 2014)
  • Scannán breise 24 Samhain: The Assassin (An Téaváin, An tSín, Hong Cong 2015)
  • 01 Nollaig: Mustang (An Fhrainc / An Tuirc / An Ghearmáin 2015)
  • 08 Nollaig: Marguerite (An Fhrainc / Poblacht na Seice / An Bheilg 2015)

Beidh breis eolais faoina scannáin, maraon le blaiseadh beag dóibh le fáil ón suíomh idirlíon clubscannan.ie nó is féidir eolas a fháil faoin gClub Scannán ach glaoch ar Dan (087) 8168629 nó Donncha (086) 4048881.

pdfClub Scannan Séasúr An Fhómhair 2016 Postaer ardtaifigh1.9 MB

Victoria

 

Victoria thumb
Stiúr: Sebastian Schipper
An Ghearmáin 2015
140 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Rinneadh scannánú leanúnach ar an saothar seo, ar bronnadh mórán gradam air, thar thréimhse dhá uair an chloig. Fágann Victoria club oíche le maidneachan lae chun dul ag dul ag obair sa gcaifé áitiúil. Castar grúpa ógánach uirthi agus éiríonn le duine acu í a mhealladh. Ach cuirtear deireadh leis an tsuirí nuair a chasann an comhluadar le scabhaitéir a bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith i bhfiacha leis. Ag iarraidh a chuid airgid atá sé agus cuireann sé iallach orthu banc a robáil.

Buaiteoir: Gradam an Silver Bear, Féile Idirnáisiúnta Scannán, Beirlín 2015.

Victoria thumb
Victoria thumb

 

Atlantic

 

Atlantic thumb
Stiúr: Richie O’ Donnell
Éire 2015
75 nóiméad
Teastas: N/A
 

 

Beidh an stiúrthóír ar an scannán, Richie O’ Donnell i láthair agus réidh le ceisteanna a fhreagairt tar éis an taispeántais.

Chaith Ritchie O’ Donnell, a bhuaigh gradam don scannán The Pipe, ceithre bliana ag taifead an scannáin seo san Iorua, i dTalamh an Éisc agus in Éirinn. Insíonn Brendan Gleeson faoin mbrú tubaisteach atá lucht an airgid – na longa próiseála agus na comhlachtaí móra ola agus gáis – ag cur ar na hiascairí atá ag iarraidh slí mhaireachtála a shaothrú ar an bhfarraige chomh maith leis an damáiste mór atá á dhéanamh d’acmhainní nádúrtha na mara.

Atlantic poster thumb

 

@AtlanticStream

@atlanticstream

http://www.theatlanticstream.com/ 

 

 

Son of Saul

(Saul Fia)

Son of Saul thumb
Stiúr: László Nemes
An Ungáir 2015
107 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Léiriú dorcha é seo ar Auschwitz, agus an Dara Cogadh Domhanda ag teacht chun deiridh. Is trí shúile Saul, príosúnach Giúdach, a insítear an scéal agus ní spáráiltear an bhrúidiúlacht ná an spídiúlacht sa scannán cumhachtach seo. Tá an misneach caillte ag Saul ach tarlaíonn eachtra dó a spreagann a chuid moráltachta san athuair.

Bronnadh go leor gradam éagsúla ar an scannán seo, ina measc Oscar agus Duais an Grand Jury ag Cannes agus an Golden Globe don Scannán Reatha ab fhearr 2016.

Son of Saul thumb
Son of Saul thumb
Son of Saul poster thumb

 

Summertime

(La Belle Saison)

Summertime thumb
Stiúr: Catherine Corsini
An Fhrainc 2015
105 nóiméad
Teastas: 16
 

 

Sa mbliain 1971 atá an scéal seo suite. Tugann Delphine, 23, a cúl le saol na tuaithe agus bailíonn sí léi go Páras mar a dtéann saoirse agus fuinneamh ghluaiseacht na mban go mór i bhfeidhm uirthi. Titeann sí i ngrá le Carole, 35, agus tosaíonn siad ag dul in éineacht. Nuair a éiríonn athair Delphine tinn, bíonn uirthi dul abhaile agus leanann Carole í. Séanann Delphine dá máthair go bhfuil cumann eatarthu, rud a tharraingíonn achrann idir na leannáin.

Summertime thumb
Summertime thumb
Summertime thumb