lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(La fille inconnue)

The Unknown Girl thumb
Stiúr: Jean-Pierre and Luc Dardenne
An Bheilg, An Fhrainc 2016
113 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Mar a ghoilleann bás mná ar dhochtúir óg téama an scannáin seo. Is cosúil nach caidreamh proifisiúnta amháin atá idir Jenny agus an dochtúir óg drisíneach, Julien, atá faoi oiliúint aici. Lá amháin agus an lá oibre díreach istigh acu, buaileann clog an ionaid leighis ach deir Jenny le Julien gan é a fhreagairt. An mhaidin ina dhiaidh sin, faightear corp mná, imirceánach ón Afraic, in aice láimhe. Is amhlaidh gurbh í a bhí ag bualadh ar an doras agus tá aiféala ar Jenny nár tháinig sí i gcabhair uirthi. Tagann athrú intinne uirthi faoina cuid oibre: diúltaíonn sí don phost atá faighte aici i gclinic phríobháideach, mhór le rá agus tograíonn sí an post atá aici sa gceantar bocht, faoi mhíbhuntáiste a choinneáil. Tograíonn sí freisin a cuid fiosruithe féin a dhéanamh faoi bhás na mná óige, rud a chuireann cantal ar na bleachtairí atá i gceannas ar an gcás.

The Unknown Girl thumb
The Unknown Girl thumb
The Unknown Girl thumb