lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

 

Tharlo, an scannán a bhí ceapaithe le taispeáint an Déardaoin seo, níl sé ar fáil. Ina áit beidh Court á thaispeáint, scannán ón Ind.

Tharlo thumb
Stiúr: Pema Tseden
An Tibéid, An tSín 2015
123 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tá cúrsaí aitheantais, míthuiscintí idir chultúir agus gnáthshaol an aoire ar na téamaí is láidre sa scannán seo. Scéal tomhaiste, réidh atá ann, atá ina scáthán ar an saol a chaitheann na daoine atá ina gcónaí ar shleasa na sléibhte Steip sa Tibéid. Tá an seanchultúr agus na traidisiúin seanbhunaithe faoi bhagairt ag an saol nua-aoiseach agus tá an teannas sin le brath sa scannán.

Níl mórán de mhaoin an tsaoil ag an aoire Tharlo agus caitheann sé saol simplí i gceantar iargúlta. Tá cuimhne aisteach aige: tá sé in ann sleachta móra fada ó Leabhairín Dearg Mao Tse-chung a aithris de ghlanmheabhair ach fós, níl a fhios aige cén aois atá sé.

Deirtear leis go gcaithfidh sé cárta aitheantais a fháil agus, cé nach bhfuil sé in ann meabhair ar bith a bhaint as an ordú seo, tugann sé aghaidh ar an mbaile is gaire dó chun grianghraf de féin a fháil. Ní thaitníonn a ghlib ghliobach leis an ngrianghrafadóir agus seolann sé anonn go siopa an bhearbóra é agus is ann a chuirtear cor cinniúnach ina shaol.

Tharlo thumb
Tharlo poster thumb