lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

(Les Innocentes)

The Innocents thumb
Stiúr: Anne Fontaine
An Pholainn, An Fhrainc 2016
115 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Mí na Nollag, 1945 atá ann, tá deireadh díreach tagtha leis an Dara Cogadh Domhanda agus tá muintir na Polainne croite. Is i gclochar atá an scéal seo suite ach ní mar a shíltear a bítear atá cúrsaí sa teach tearmainn seo mar go bhfuil an scanradh, an scéin agus an náire i réim ann.

Is dochtúir óg í Mathilde atá ag tabhairt aire do na saighdiúirí Francacha in ospidéal na Croise Deirge. Cuirtear fios lá amháin uirthi dul chuig an gclochar le breathnú ar bhean rialta atá go dona tinn. Ar a teacht di, feiceann sí gur nóibhíseach óg atá roimpi agus í ar leaba a luí seoil. Tugann Mathilde cúnamh di a leanbh a thabhairt ar an saol ach cuireann an mháthairab míle fainic uirthi a béal a choinneáil dúnta ar fhaitíos go dtarraingeofaí droch-chlú ar an gclochar. Faigheann Mathilde amach gur ionsaigh saighdiúirí Sóivéadacha an clochar agus gur éignigh siad na mná rialta arís agus arís eile, rud a fhágann go bhfuil cuid acu anois ag súil le breith.

Tá imeachtaí an scannáin seo bunaithe ar fhíorscéal agus taispeánann sé mar a théann an spídiúlacht i bhfeidhm ar chreideamh na mban rialta. Dírítear ar an máthairab, bean ghéar, mháistriúil agus an cinneadh atá le déanamh aici: an gcoinneoidh sí na naíonáin óga sa gclochar mar a tharraingeoidh siad caint agus dímheas, nó an bhfaighidh sí réidh leo?

The Innocents thumb