lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

An Cailín a raibh Tatú Dragúin uirthi

(Män som hatar kvinnor)

Stiúr: Niels Arden Oplev
An Danmhairg / An tSualainn 2009
152 nóiméad
Teastas: 18
Is léiriú dílis é seo ar an gcéad úrscéal coiriúlachta le Stieg Larsson. Is cuid de thrí scéal as a chéile ar a dtugtar Millennium é an scéal áirithe seo. Baineann an scéal le Mikael Blomkvist (Michael Nyqvist), iriseoir bleachtaireachta agus eagarthóir Millennium – iris de chuid na heite clé atá lonnaithe in Stockholm, agus le Lisbeth Salander (Noomie Rapace) ar punc déghnéasach ciaptha ón aicme oibre í agus a bhfuil scil faoi leith aici mar thaighdeoir agus mar haicéir ríomhaireachta. Tá siad ag iarraidh teacht ar neacht le fear aosta saibhir gnó, bean a chuaigh ar iarraidh 40 bliain ó shin agus í sna déaga.

Beirt an-dathúil iad an bheirt phríomhcharachtar agus táimid ag súil lena bhfeiceáil arís sa dá scannán eile atá ar na bocáin, is iad sin An Cailín a bhí ag plé le Tine agus An Cailín a thug cic don Chuasnóig. Leanann Eric Kress traidisiún breá grianghrafadóireachta na Lochlannach agus aithneofar go leor de na haisteoirí ón Danmhairg agus ón tSualainn.

Philip French, The Observer