lean muid

Tá Coiste Chlub Scannán Sailearna ag pleanáil séasúr an fhómhair 2020

Sa chomhthéacs dúshlánach agus neamhcinnte ina bhfuilimid go léir beidh athruithe i ndán dúinn ach, leis an bpleanáil cuí, táimid dóchasach go n-éireoidh le séasúr úr scannán sa tSeanscoil.

Agus muid i mbun pleanála ba mhaith linn cloisteáil óna baill reatha agus na hiar-bhaill a bhí inár dteannta sa tSeanscoil le cuid mhaith blianta anuas le gur féidir linn bhúr smaointe a chur san áireamh.

Más maith leat cabhrú linn líon an suirbhé gearr seo ina mbeidh deis agat do smaointe a chur in iúl.

https://www.surveymonkey.com/r/XNXLLCQ

Marshland thumb
 

 

(Den Skyldige)

The Guilty (Den Skyldige) thumb
Stiúr: Gustav Möller
An Danmhairg 2018
85 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Tugadh ísliú céime do phóilín sráide agus anois baineann sé an lá amach ag freagairt an ghutháin. Baintear as a chleachtadh é nuair a fhreagraíonn sé glaoch éigeandála ó bhean a ndearnadh fuadach uirthi. Tagann deireadh tobann leis an nglaoch agus tosaíonn an cuardach. Coinneoidh an teannas a chruthaíonn an stiúrthóir, Gustav Moller’ an lucht féachana ar bior ó thús go deireadh an scannáin.

Buaiteoir - World Cinema Audience Award, Féile Scannán Sundance 2018
Buaiteoir – Audience Award, Féile Scannán Idirnáisiúnta Rotterdam 2018
Buaiteoir – Youth Jury Award, Féile Scannán Idirnáisiúnta Rotterdam 2018

The Guilty (Den Skyldige) thumb
The Guilty (Den Skyldige) thumb