lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

(Manbiki kazoku)

Shoplifters (Manbiki kazoku) thumb
Stiúr: Hirokazu Kore-eda
An tSeapáin 2018
121 nóiméad
Teastas: Club
 

 

An bhradaíl siopa atá mar théama an scannáin seo ina bhfeicimid clann ag sracadh leis an saol. Léiriú atá ann ar an gcaoi a luíonn an bhróg ar réimse áirithe den saol sa tSeapáin. Níl gair ag na scannáin scéinséara ar an gcor gan choinne a tharlaíonn ag deireadh an scannáin seo.

Buaiteoir – Palme d’Or, Féile Scannán Cannes 2018

Shoplifters (Manbiki kazoku) thumb