lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

 

Black 47 thumb
Stiúr: Lance Daly
Éire 2018
100 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Filleann saighdiúir de chuid na Connaught Rangers ar Chonamara sa mbliain 1847 mar a bhfaigheann sé amach gur cailleadh a mháthair den ocras agus gur dhaor na Sasanaigh a dheartháir chun báis. Caitheann sé na socruithe a bhí aige dul ar an mbád bán i dtraipisí fad is atá sé ag baint díoltais amach ar na sean-naimhde.

Roimhe seo taispeanfar Faoin gCeann Tuí, gearrscannán le Seán Ó Ciardha.

Black 47 thumb
Black 47 thumb