(Der Hauptmann)
Agus deireadh ag teacht leis an Dara Cogadh Domhanda, tréigeann saighdiúir Arm na Gearmáine. Is trí thimpiste a thagann sé ar éide chaptaein de chuid na Naitsithe agus, go tubaisteach, éiríonn leis an dallamullóg a chur orthusan a thagann a bhealach. Méadaíonn an t-amhras de réir a chéile, áfach.
Buaiteoir - Jury Prize Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastián 2017