lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Katyn

Stiúr: Andrzej Wajda
An Pholainn 2007
121 nóiméad - Teastas: 15A
Tá cáil Andrzej Wajda amuigh maidir le scannáin a dhéanamh faoin Dara Cogadh Domhanda agus tá a shaol caite aige ag déanamh grinnstaidéir ar fhorás sóisialta agus polaitiúil na Polainne ar bhealach an-íogair ach ag an am céanna tugann sé a gceart do na téamaí sin a bhíonn faoi chaibidil aige. Tá saothar iontach curtha ar fáil aige atá bunaithe ar stair na Polainne. Sa bhliain 2000 bronnadh duais Oscar air mar aitheantas ar a shaothar scannánaíochta. Is mac é Wajda le hoifigeach airm ón bPolainn, ar mharaigh na Sóibhéadaigh é le linn léirscrios Katyn – bunábhar an scannáin is déanaí seo uaidh.

Faoi ordú Joseph Stalin an 17 Meán Fómhair 1939, cuireadh gach Oifigeach Polannach faoi dhaorsmacht an Aontais Shóibhéadaigh. Tá Anna, bean chaptaen Reisimint Uhlan, ag feitheamh ar a fear céile filleadh uirthi nuair a thuigear di gur mharaigh na Rúisigh é. I mí an Aibreáin 1943, faigheann bean chéile ginearáil amach go bhfuil a fear céile caillte nuair a thagann na Gearmáinigh ar oll-uaigh Oifigeach Polannach i bhForaois Katyn.

Cad atá i ndán do mhná atá ag feitheamh ar fhilleadh a bhfear céile i stát na Polainne ach a mbeidh deireadh leis an gcogadh? An mbeidh siad fós ag brath ar an Rúis Shóibhéadach? An mbeidh an bhrí chéanna le tír dhúchais agus le saoirse acusan a ghlacfaidh leis an gcóras nua? Is iontach an saothar é seo ó dhuine de na léiritheoirí is fearr san Eoraip, a thugann ar an lucht féachana méid na brúidiúlachta agus a thionchar sin ar na teaghlaigh a bhí thíos leis a thuiscint. - Colm McAuliffe, Féile Idirnáisiúnta Scannán Jameson Bhaile Átha Cliath 2008

 

(nasc eile)