lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Séasúr an Earraigh 2019

Séasúr an Earraigh 2019 - Clár agus Postaer

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Séasúr An Earraigh 2019 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 24 Eanáir: C’est La Vie (An Fhrainc 2017)
  • 31 Eanáir: 1945 (An Ungáir 2017)
  • 07 Feabhra: Polina (An Fhrainc 2016)
  • 14 Feabhra: Cold War (An Pholainn, An Ríocht Aontaithe, An Fhrainc 2018)
  • 21 Feabhra: Just to Be Sure (An Fhrainc 2017)
  • 28 Feabhra: The Guilty (An Danmhairg 2018)
  • 07 Márta: The Guardians (An Fhrainc, An Eilvéis 2017)
  • 14 Márta: Black 47 (Éire 2018)
  • 21 Márta: Shoplifters (An tSeapáin 2018)
  • 28 Márta: The Captain (An Ghearmáin, An Fhrainc, An Pholainn 2017)
  • 04 Aibreán: Bergman – A Year in the Life (An tSualainn, An Iorua 2018)

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2019 Postaer ardtaifigh2.8 MB

C'est La Vie

(Le Sens de la Fête)

C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb
Stiúr: Olivier Nakache, Éric Toledano
An Fhrainc 2017
117 nóiméad
Teastas: Le cinntiú
 

 

Bíonn sé ina réabadh nuair a théann rudaí as smacht agus bainis á ceiliúradh i seanchaisleán galánta sa bhFrainc. Beidh an lucht féachana lagtha ag gáire ag an scannán seo a léirigh an dream céanna a rinne Untouchable, saothar a thaitin go mór le lucht freastail an chlub cúpla bliain ó shin.

C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb
C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb
C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb
C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb
C’est La Vie (Le Sens de la Fête) thumb

 

Polina

(Polina, danser sa vie)

Polina (Polina, danser sa vie) thumb
Stiúr: Valérie Müller, Angelin Preljocaj
An Fhrainc 2016
108 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Cailín ón ísealaicme atá faoi chaibidil sa scannán seo a stiúir bunaitheoir an chomhlachta ballet, Prejocaj. Glacann an Bolshoi Ballet le Polina agus cuireann sí a croí agus a hanam sa damhsa. Titeann sí i ngrá le damhsóir eile agus bailíonn sí léi chuig an bhFrainc leis, áit a gcuirtear stíleanna damhsa eile faoina bráid.

polina danser sa vie3 thumb
Polina (Polina, danser sa vie) thumb
Polina poster (Polina, danser sa vie) thumb

 

1945

 

1945 thumb
Stiúr: Ferenc Török
An Ungáir 2017
91 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Baineann ráflaí faoin bhfeallaireacht agus faoin mbradaíl an mhaith as ceiliúradh bainise i mbaile beag san Ungáir i Lúnasa na bliana 1945. Díreach sula dtagann deireadh leis an gcogadh, tuirlingíonn beirt a tháinig slán ón Uileloscadh ó thraein, agus cuirtear an lasair sa mbarrach.

1945 thumb
1945 thumb
1945 thumb
1945 thumb
1945 thumb
1945 thumb
1945 thumb
1945 poster thumb

 

Cold War

 

Cold War thumb
Stiúr: Pawel Pawlikowski
An Pholainn, An Ríocht Aontaithe, An Fhrainc 2018
88 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Is sa bPolainn sna 1950í agus an Cogadh Fuar faoi lánseol atá an scannán seo lonnaithe. Titeann beirt atá go hiomlán difriúil óna chéile i ngrá ach téann cúinsí na linne ina gcoinne. An daonnacht agus an trócaire na téamaí is mó atá sa saothar seo leis an té a stiúir an scannán Ida.

Buaiteoir – Stiúrthóir is fearr, Féile Scannán Cannes 2018

Cold War thumb
Cold War thumb
Cold War thumb
Cold War thumb
Cold War thumb
Cold War thumb
Cold War poster thumb