lean muid
Séásúr an Earraigh 2024 / Spring Season 2023
Séasúr an Earraigh 2024 Ceannaigh Ticéid
 

Scoth na Scannán Domhanda gach Déardaoin in Indreabhán

Fógra práinneach (18/03/2020)
I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

Séasúr An Earraigh 2020 Postaer ardtaifigh thumb

Is cúis áthais do Chlub Scannán Sailearna séasúr nua scannán domhanda i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, a fhógairt.

Taispeánfar scoth na scannán ó 'chuile chearn den domhan sa mbunleagan le fotheidil i mBéarla 'chuile Dhéardaoin i gcaitheamh an tséasúir. Is ionad iontach é Seanscoil Sailearna le scáileán mór, suíocháin srathacha agus córas fuaime d’ardchaighdeán.

Eagraíonn Club Scannán Sailearna na séasúir scannán i gcomhar le Access Cinema agus le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Is féidir ballraíocht séasúir fháil ar tháille € 35 (€ 30), a thugann cead isteach do na scannáin go léir ar an gclár, nó is féidir táille € 8 (€ 7) in aghaidh an scannáin a íoc más fearr leat.

Tá scannáin an tséasúir seo agus na dátaí ar a dtaispeánfar iad anseo thíos:

  • 23 Eanáir: A Faithful Man (An Fhrainc 2018)
  • 30 Eanáir: Rojo (An Airgintín, An Bhrasaíl 2018)
  • 06 Feabhra: Burning (An Chóiré Theas 2018)
  • 13 Feabhra: Honeyland (Poblacht na Macadóine 2019)
  • 20 Feabhra: Le Brio (An Fhrainc 2017)
  • 27 Feabhra: Birds of Passage (An Cholóim, Meicsiceo 2018)
  • 05 Márta: Gaza (Éire, An Phalaistín 2019)
  • 12 Márta: Arracht (Éire, 2019) [Réamhthaispeántas Speisialta]
  • 19 Márta: Monos (An Cholóim, An Airgintín 2019)
  • 26 Márta: Pain and Glory (An Spáinn 2019)
  • 02 Aibreán: In the Aisles (An Ghearmáin 2018)

Taispeánfar an chéad scannán sa tSeanscoil ag 8.15i.n. ar an Déardaoin, 23 Eanáir.

pdfClub Scannan Séasúr An Earraigh 2020 Postaer ardtaifigh6.6 MB