lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Monos  thumb
Stiúr: Alejandro Landes
An Cholóim, An Airgintín 2019
102 nóiméad
Teastas: 15A
 

 

Scannán slachtmhar é seo faoi mar a chailleann saighdiúirí ar gasúir iad guaim orthu féin istigh i lár an fhásaigh i Meiriceá Theas. An chorraíl ina thír dhúchais, an Cholóim, a spreag scéal Alejandro Landes faoi throdaithe óga a imíonn as a gcranna cumhachta; coinneoidh sé greim ort ó thús deireadh.

Buaiteoir don scannán ab fhearr, Féile Scannán Londan, 2019
Buaiteoir don scannán ab fhearr, Féile scannán idirnáisiúnta San Sebastián 2019

Monos  thumb
Monos  thumb
Monos  thumb