lean muid

Fógra práinneach

I bhfianaise dhúshlán an choróinviris tá cinneadh tógtha ag choiste an chlub Scannáin Séasúr an Earraigh 2020 a chur ar ceal. Tá súil againn a bheith ar ais le chéile mar is iondúil sa bhfómhair. Idir an dá linn tugaigí aire dá chéile agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid foighne agus tuisceana.

 

Murdair Mham Trasna thumb
Stiúr: Colm Bairéad
Éire 2017
115 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Dráma faisnéise é seo faoi eachtra a tharraing go leor cainte nuair a maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo i 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht. Rinne córas dlí na Breatainte feall ar an fir seo agus cé nár tugadh pardún riamh dóibh tar éis a mbás, tá aird á tarraingt san athuair ag an scannán ar an gceist.

Murdair Mhám Trasna thumb
Murdair Mhám Trasna Maolra Seoighe thumb
Murdair Mhám Trasna Antoine Mac Philibín thumb
Murdair Mhám Trasna thumb