lean muid
Séásúr an Fhómhair 2020 / Autumn Season 2020
Séasúr an Fhómhair 2020 Ceannaigh Ticéid
 

Covid 19. An t-eolas is déanaí

Ar an 6 Deireadh Fómhair chuir Rialtas na hÉireann srianta leibhéal 3 i bhfeidhm sa stát go léir. Faoi leibhéal 3 níl imeachtaí amharclann-lonnaithe ceadaithe in aon chor. Ciallaíonn seo gur gá dúinn cuid de na scannáin a bhí beartaithe againn a chur ar ceal agus nach mbeidh Séasúr an Fhómhair ag tosú go dtí an 29 Deireadh Fómhair ar a luaithe. Beidh cinneadh faoi seo á thógáil agus á fhógairt anseo níos gaire don dáta sin.

Idir an dá linn beimid i dteagmháil le aon duine a cheannaigh ticéid le gur féidir linn aisíocaíocht a shocrú.

(Nelyubov)

Loveless thumb
Stiúr: Andrey Zvyagintsev
An Rúis 2017
127 nóiméad
Teastas: 16
 

 

Léargas duairc, gránna, crua atá sa scannán seo ar mheánaicme nua na Rúise, dream a bhfuil an t-éad, an frustrachas, an tsaint, an fhearg agus an imní ag cur as dóibh. Is scéal dorcha clainne é seo faoi méid a tharlaíonn do lánúin atá briste amach le chéile agus atá ar tí colscaradh a fháil nuair a fhaigheann siad amach go bhfuil a maicín, atá dhá bhliain déag, ar iarraidh.

Jury Prize 2017 at Cannes Film Festival

Loveless thumb
Loveless thumb
Loveless thumb